Tuesday, November 11, 2014

Gaeilge 24 – Labharaigí Gaeilge le Chéile!

Ghlac pobal Gaelscoil Choráin páirt i ‘nGaeilge 24’ inniu agus rinne gach éinne sár iarracht go deo chun labhairt ‘as gaeilge’. Bhí díospóireacht ar siúl ag Rang 6 i halla na scoile agus an rún a bhí á phlé acu ná ‘Ba Cheart ár dTeanga a Choimeád Beo’. Chanadar ‘Tóg Amach Mé’ agus ‘Lig Mé Saor ón Suan atá Orm’ agus bhain gach éinne sult as a gcuid amhránaíochta! Bronnadh cáca álainn ar an bhfoireann teagaisc agus tacaíochta, as ucht a bheith de shíor ag spreagadh agus ag gríosadh na daltaí chun a dteanga náisiúnta a úsáid. Molaimíd sibh! Léigh Rang 6 scéalta dos na bunranganna agus thugadar ticéidí crannchur d’éinne a bhí ag déanamh sár iarracht chun labhairt ‘as gaeilge’. Bhí crannchur agus cóisir ag deireadh an lae. Lá álainn gaelach a bhí ag gach éinne. ‘Mol an Óige agus Tiocfaidh sí’.






Foireann Peile Gaelscoil Choráin - Craobh Sciath na Scol 2014





Táimid an-bhrodúil as ár gcailiní a shrois Craobh Roinn a hAon Sciath na Scol. Dhein siad éacht an craobh a shroisint ach faraor bhí mí-ádh leo ar an lá.  D’imríodh an craobh inné. Bhíodar cróga agus díograiseach agus go maire sin.



We are very proud of our Girl’s football team that reached the Division one Sciath na Scol final that was played in Páirc Uí Chaoimh yesterday. They played very well all year and again yesterday but unfortunately they lost out to Glounthaune in the final. 

Ar Cúl: Ciara Ní Chinnéide, Joy Nic Niocaill, Sinéad Nic an tSabhasaigh, Cara Ní Chonghaile, Aoibhe Ní Fhloinn
,Kyra Ní Bhriain
I Lár: Gráinne Ní Raghallaigh,  Abby De Gogáin, Caoimhe Nic Mháthúna, , Niamh Ní Fhlaithmhín, Cáit Ní Ghealbháin, Sorcha Ní Shuilleabháin, Lucy Nic Niocaill
Chun Tosaigh: Hannah Nic Gearailt, Leah Ní Dhálaigh, Áine Bhreathnach, Kaiah Bulman, Éabha Bhreathnach (Captaen), Emily Nic an Ghallóglaigh  Molly Ní Thoibín Bláithín Ní Fhloinn, Ríon Bhreathnach

Thursday, November 6, 2014

Turas chuig ‘Cork Pops’ i Halla na Cathrach!!


Bhain Rang 5&6 an taitneamh go deo as maidin iontach ceolmhar i Halla na Cathrach inné. Chuir an cheolfhoireann ‘Cork Pops’ fáilte mór rompu agus sheinneadar roinnt dréachtanna de cheol clasaiceach ó na scannáin. Bhí an deis ag na daltaí glacadh páirt sa cheolchoirm agus chanadar,  ‘Titanic’, ‘Edelweiss’, ‘Happy’ agus ‘Smile’ ón scanán Modern Times ag Charlie Chaplin.
Bhí gliondar chroí ag na daltaí ar fad nuair a tháinig Keith Ó hÁinle, buaiteoir Guth na h-Éireann 2013 ar an stáitse. Chan sé ‘Let it Go’ ón scannán Frozen. Fuaireadar grianghraf leis i ndiaidh an seó!!





Monday, October 20, 2014

Ceol ó Londain

Tháinig an London Chamber Brass Quintet ar cuairt chugainn ar an Aoine. Bhí lá iontach ag na ranganna Naíonáin - Rang 2.
Fuair Amy seans cabhrú le George an trombone a sheinnt.
Bhí Seán ar fheabhas mar stiúrthóir.
Phléasc gach éinne amach ag gáire nuair a bhí Sebastian ag taispeáint dúinn cé chomh íseal is a théann an tuba.

Thaitin an lá go mór linn go léir.










Thursday, October 16, 2014

Cruinniu Foirne:  All classes will be allowed home at 1.40pm on Wednesday next, 22nd October.   This is to facilitate a staff meeting from 2-5pm.  Thanking you for your co-operation.



Gaelscoil Choráin

Comhairle na dTuistí (Parents’ Council) are in the process of raising funds for extra mathematical equipment for all classes throughout the school.
Following the success of the ‘Halloween Cake’ with the past two years.  Marie O’ Connor (tuiste/parent) is generously giving of her time and superlative baking skills to bake a scary ‘Haloween Cake’.  Míle buíochas.

Tickets will be on sale from Monday next.  Costas €2.


Friday, October 3, 2014

Lúthchleasaíocht

Ghlac scata mhór páistí páirt i lúthchleasaiocht i gConna le déanaí. Dheineadar go hiontach agus tháinig siad abhaile le 14 bonn. Maith sibh !