Wednesday, February 19, 2014

Iománaíocht fe Dhíon


Our second and third class boys did exceptionally well representing their school by reaching the final of the regional section of Sciath Na Scol  Indoor Hurling Championships on Thursday 13/02/2014 held in Little Island. They drew with Castlemartyr and beat two teams from C.B.S. Midleton on their path to the final. They were beaten in the final by a strong Dungourney team. Maith sibh a buachaillí!
PHOTO
Back row Left to right: Billy Ó Conaill (Trainer)  Ben Ó Conaill, Kyle Ó hAinmhire, Óisín Ó Foghlú, Ben Ó Suan,  Ewan Mac Eachaidh, Alf. Ó Duinnshléibhe (Múinteoir)
Front row left to right: Jayden Ó Chathasaigh, Nathan Ó hAllmhuráin, Conchúr Ó Gealbháin, Alex Ó Cinnéide, Aoran Ó Domhnaill-Ó Murchú. 


Wassa Wassa.

Bhí an-spórt againn nuair a tháinig an ceardlann drumaí chugainn.Wassa Wassa an t-ainm a bhí air. Bhi seans ag gach uile dalta sa scoil ó Naíonáin Bheaga go Rang 6 triail a bhaint as druma a sheinnt. D’fhoghlaim na ranganna amhrán ón Aifric agus bhí an rithim a d’éirigh le gach éinne a choimeád do-chreidthe. Bhí an lá thar barr!!





Amhránaíocht

Tá an t-ádh linn i nGaelscoil Choráin go dtagann Caitríona Ní Ghealbháin gach seachtain chun Amhránaíocht den Sean-Nós a mhúineadh do Rang 4 agus 5.

Jackie

Bhain na Naoínáin agus Rang 1 ard thaitneamh as “Jackie” an tseachtain seo caite.Mar is gnáth rinne an Graffiti Theatre Company jab iontach. Thug an clár deis do na páistí cabhair agus comhairle a thabhairt do Jackie agus í ag dul i ngleic lena cuid fadhbanna.

Bhí ar Jackie,in éineacht leis na páistí,roghanna ags socruithe a dhéanamh maidir le fadhbanna laethúla m.sh,leanbh nua sa teaghlach,caidreamh nua agus aire a thabhairrt don pháiste tinn. Bhain gach éinne sult as an dtaispeántas.



Tuesday, February 18, 2014

Briseadh Tearma:
Beidh an scoil dunta (closed) Déardaoin 20ú agus Aoine 21ú Feabhra


Go raibh maith agat.

Tuesday, February 11, 2014

Scór 2014

Ghlac suas le 20 páiste páirt i Scór na bPáistí an Satharn agus Domhnach seo caite.Idir”Tráth na gCeist”,”Amhránaíocht Aonair”,”Aithriseoireacht”,,”Rince Foirne” agus “Ceol Aonair” bhi oíche iontach ag gach éinne. Comhgháirdeachas do gach uile dhuine a ghlac páirt. Bhí sibh go hiontach. Tá Gaelscoil Choráin an-bhródiúil asaibh!!!

Go n-éirí go geal le Treasa Nic Innéirí agus na Rinceóirí atá ag dul ar aghaidh go dtí an chéad babhta eile. Go n-éirí libh.









Thursday, February 6, 2014

Quiz: The Parents’ Council are hosting a fun Table Top Quiz in Club Áras, GAA  at 8.00pm tonight.  Teams of four or you are invited to come along and take part on a team.  Fáilte roimh cách.  Craic agus comhrá agus ceisteanna!!