Thursday, November 20, 2014

Teamhope - Boscaí Brog na Nollag

Bhí na daltaí i nGaelscoil Choráin fial flaithiúil lena gcuid mbronntanaisí dos na daoine is boichte sa domhain. Líon Rang a 4, 5 & 6 boscaí bróg le bréagáin, éadaí, milseáin, cluichí agus seodra agus do mhaisíodar na boscaí le pháipéar álainn na Nollag. Níl dabht ar bith, ach go mbeidh na páistí is boichte in Oirthear na h-Eorpa agus san Afraic ar bís agus lán le sceitimíní an Nollaig seo! Do formhór na páistí beidh sé seo a gcéad bronntanas na Nollag riamh. Chomh maith leis sin beidh daltaí Gaelscoil Choráin fíor bródúil astu fhéin agus faoina gcuid carthannachta. Líonadh ochtó sé bhosca ar an iomlán agus bhailíodh €344 don charthanacht ‘Teamhope’. ‘Ar Scáth a Chéile a Mhaireann na Daoine’.




Christmas Concert/Coirm Cheoil na Nollag


It is envisaged that children will take to the stage for our annual Christmas Concert on Wednesday 17th Nollaig from 10.00am to @1.00pm. (Details of timetable will be issued closer to the date).  This undertaking involves a lot scripting, rehearsal and frantic activity leading up to it.  Enthusiasm and energy definitely required on behalf of staff who are preparing the children.  Management would like to recognize same and commend all involved for their endeavours.  Naturally the páistí love the excitement and atmosphere that it brings.  Mo bhuíochas gach einne don cine, duthracht agus fuinneamh ag ullmhú na páistí don stáitse.

Na Sacraimintí: Classes and staff members involved in Confirmation and An Chéad Chomaoine are involved in their own ‘drama’ in preparation of these Sacraments with commitment/enrolment cermonies/Mass.  Nevertheless they will play supporting roles in our Christmas Concert.
Seacht  sheachtainí ó Samhain go Nollaig……. seven weeks between Halloween and Christmas!!    Weeks fly by as the Christmas period approaches.

A lot of fruitful positive activities took place and are ongoing throughout the school on a weekly basis.

Sciath na Scol:  An immence amount of energy, enthusiasm and effort was to the fore in preparing our teams, buachaillí agus cailiní for Sciath na Scol Competitions.  It involved a lot of travel and time to various venues throughout East Cork and beyond.  We were thrilled that na cailiní reached the final of Roinn DGFI which was played in Páirc Uí Chaoimh recently.  The team played heroically in atrocious conditions narrowly losing out to Gleanntán in the final stages.  It was great bonding exercise for the school community.  Buíochas arís d’Áiblhe, Alf, Barra agus Eoin for their commitment and involvement. Buíochas to all parents who travelled and assisted the team.  Special buíochas to Marie Hannon.  

Comhghairdeas to Eochaill fé 12 cailiní  who won East Cork Football League.  It bodes well for our local club.

Comhghairgeas freisin to Rian Zaid, Rang VI who has been selected to play for Cork County Soccer fé 13.  A major achievement. Maith an buachaill.

Ceol:  Another Musical Quartet entertained the junior classes introducing them to the sounds of violin, trumpet agus trombone.
Rang V agus Rang VI had the opportunity to sample the delights of Cork Pops Orchestra.  Very enjoyable and educational.  Buíochas leat, Jean for co-ordinating same. 
Guitar lessons for Rang IV, V agus VI are underway under the tutelage of Jean agus Caoimhín.  Proving to be very popular and classes are now full.  Buíochas libh araon.

Ríomahairí : A major investment in technology @ €14,000 is now bearing fruit with Rang 111 to Rang VI having access to modern up to date computer/tablets.  This involves a lot of research/time/configuration in organizing same on behalf of  our I.T co-ordinatior Caoimhín. (Ár mbuíochas leat).  Naturally our pupils are very keen and excited in using same.  Thanking Parents’ Council / An Bord Bainistíochta for funding the project in total.

Gaeilge 24 was a tremendous success with Rang VI, involving conversational Irish for 24 hours at school and at home. Co-ordinated by their múinteoir Caitríona they gave all of us a taste of Gaeilge involving modern songs, tunes, debates and entertainment as Gaeilge in the school hall and throughout.  Teanga ársa á chur chun cinn i stíl nua-aimseartha.  Go diail ar fad.  Go raibh maith agaibh tuistí/parents who use le Gaeilge with their children and school staff.


Coisir na Samhna:  Naionáin Bheaga agus Naíonáin Mhóra had lots of ghoulish fun and laughter at Coisir na Samhna.  Thanking their múinteoirí Úna, Áine, Hanóra agus Póilín for entering into the ‘spirit’ of Halloween.  Míle buíochas.  A falulous ‘Císte na Samhna’ created and baked by Marie O’ Connor raised €457.  A scrumptious work of art!.

Friday, November 14, 2014

Benyounes Quartet.

Tháinig an Benyounes Quartet chugainn ar an gCéadaoin.Sheinn siad do na Ranganna 3-6.They “Painted Pictures With Music”ó Ravel.D’fhoghlaim na páistí faoin gcumadóir.Fuair a lán de na páistí deis “cabhrú”leis na ceoltóirí.Bhain gach éinne an-thaitneamh as an gcuairt!








Tuesday, November 11, 2014

Gaeilge 24 – Labharaigí Gaeilge le Chéile!

Ghlac pobal Gaelscoil Choráin páirt i ‘nGaeilge 24’ inniu agus rinne gach éinne sár iarracht go deo chun labhairt ‘as gaeilge’. Bhí díospóireacht ar siúl ag Rang 6 i halla na scoile agus an rún a bhí á phlé acu ná ‘Ba Cheart ár dTeanga a Choimeád Beo’. Chanadar ‘Tóg Amach Mé’ agus ‘Lig Mé Saor ón Suan atá Orm’ agus bhain gach éinne sult as a gcuid amhránaíochta! Bronnadh cáca álainn ar an bhfoireann teagaisc agus tacaíochta, as ucht a bheith de shíor ag spreagadh agus ag gríosadh na daltaí chun a dteanga náisiúnta a úsáid. Molaimíd sibh! Léigh Rang 6 scéalta dos na bunranganna agus thugadar ticéidí crannchur d’éinne a bhí ag déanamh sár iarracht chun labhairt ‘as gaeilge’. Bhí crannchur agus cóisir ag deireadh an lae. Lá álainn gaelach a bhí ag gach éinne. ‘Mol an Óige agus Tiocfaidh sí’.






Foireann Peile Gaelscoil Choráin - Craobh Sciath na Scol 2014





Táimid an-bhrodúil as ár gcailiní a shrois Craobh Roinn a hAon Sciath na Scol. Dhein siad éacht an craobh a shroisint ach faraor bhí mí-ádh leo ar an lá.  D’imríodh an craobh inné. Bhíodar cróga agus díograiseach agus go maire sin.



We are very proud of our Girl’s football team that reached the Division one Sciath na Scol final that was played in Páirc Uí Chaoimh yesterday. They played very well all year and again yesterday but unfortunately they lost out to Glounthaune in the final. 

Ar Cúl: Ciara Ní Chinnéide, Joy Nic Niocaill, Sinéad Nic an tSabhasaigh, Cara Ní Chonghaile, Aoibhe Ní Fhloinn
,Kyra Ní Bhriain
I Lár: Gráinne Ní Raghallaigh,  Abby De Gogáin, Caoimhe Nic Mháthúna, , Niamh Ní Fhlaithmhín, Cáit Ní Ghealbháin, Sorcha Ní Shuilleabháin, Lucy Nic Niocaill
Chun Tosaigh: Hannah Nic Gearailt, Leah Ní Dhálaigh, Áine Bhreathnach, Kaiah Bulman, Éabha Bhreathnach (Captaen), Emily Nic an Ghallóglaigh  Molly Ní Thoibín Bláithín Ní Fhloinn, Ríon Bhreathnach

Thursday, November 6, 2014

Turas chuig ‘Cork Pops’ i Halla na Cathrach!!


Bhain Rang 5&6 an taitneamh go deo as maidin iontach ceolmhar i Halla na Cathrach inné. Chuir an cheolfhoireann ‘Cork Pops’ fáilte mór rompu agus sheinneadar roinnt dréachtanna de cheol clasaiceach ó na scannáin. Bhí an deis ag na daltaí glacadh páirt sa cheolchoirm agus chanadar,  ‘Titanic’, ‘Edelweiss’, ‘Happy’ agus ‘Smile’ ón scanán Modern Times ag Charlie Chaplin.
Bhí gliondar chroí ag na daltaí ar fad nuair a tháinig Keith Ó hÁinle, buaiteoir Guth na h-Éireann 2013 ar an stáitse. Chan sé ‘Let it Go’ ón scannán Frozen. Fuaireadar grianghraf leis i ndiaidh an seó!!