Thursday, November 20, 2014

Teamhope - Boscaí Brog na Nollag

Bhí na daltaí i nGaelscoil Choráin fial flaithiúil lena gcuid mbronntanaisí dos na daoine is boichte sa domhain. Líon Rang a 4, 5 & 6 boscaí bróg le bréagáin, éadaí, milseáin, cluichí agus seodra agus do mhaisíodar na boscaí le pháipéar álainn na Nollag. Níl dabht ar bith, ach go mbeidh na páistí is boichte in Oirthear na h-Eorpa agus san Afraic ar bís agus lán le sceitimíní an Nollaig seo! Do formhór na páistí beidh sé seo a gcéad bronntanas na Nollag riamh. Chomh maith leis sin beidh daltaí Gaelscoil Choráin fíor bródúil astu fhéin agus faoina gcuid carthannachta. Líonadh ochtó sé bhosca ar an iomlán agus bhailíodh €344 don charthanacht ‘Teamhope’. ‘Ar Scáth a Chéile a Mhaireann na Daoine’.