Thursday, November 6, 2014

Turas chuig ‘Cork Pops’ i Halla na Cathrach!!


Bhain Rang 5&6 an taitneamh go deo as maidin iontach ceolmhar i Halla na Cathrach inné. Chuir an cheolfhoireann ‘Cork Pops’ fáilte mór rompu agus sheinneadar roinnt dréachtanna de cheol clasaiceach ó na scannáin. Bhí an deis ag na daltaí glacadh páirt sa cheolchoirm agus chanadar,  ‘Titanic’, ‘Edelweiss’, ‘Happy’ agus ‘Smile’ ón scanán Modern Times ag Charlie Chaplin.
Bhí gliondar chroí ag na daltaí ar fad nuair a tháinig Keith Ó hÁinle, buaiteoir Guth na h-Éireann 2013 ar an stáitse. Chan sé ‘Let it Go’ ón scannán Frozen. Fuaireadar grianghraf leis i ndiaidh an seó!!