Tuesday, November 11, 2014

Gaeilge 24 – Labharaigí Gaeilge le Chéile!

Ghlac pobal Gaelscoil Choráin páirt i ‘nGaeilge 24’ inniu agus rinne gach éinne sár iarracht go deo chun labhairt ‘as gaeilge’. Bhí díospóireacht ar siúl ag Rang 6 i halla na scoile agus an rún a bhí á phlé acu ná ‘Ba Cheart ár dTeanga a Choimeád Beo’. Chanadar ‘Tóg Amach Mé’ agus ‘Lig Mé Saor ón Suan atá Orm’ agus bhain gach éinne sult as a gcuid amhránaíochta! Bronnadh cáca álainn ar an bhfoireann teagaisc agus tacaíochta, as ucht a bheith de shíor ag spreagadh agus ag gríosadh na daltaí chun a dteanga náisiúnta a úsáid. Molaimíd sibh! Léigh Rang 6 scéalta dos na bunranganna agus thugadar ticéidí crannchur d’éinne a bhí ag déanamh sár iarracht chun labhairt ‘as gaeilge’. Bhí crannchur agus cóisir ag deireadh an lae. Lá álainn gaelach a bhí ag gach éinne. ‘Mol an Óige agus Tiocfaidh sí’.